Discussion:
[GAELIC-L] Club Chonradh na Gaeilge, Feabhra 2011
(too old to reply)
Marion Gunn
2011-02-09 16:11:36 UTC
Permalink
Seo thíos sliocht as nuachtlitir Chlub Chonradh na Gaeilge.

Beidh ard-lá (agus ard-oíche dá éis) sa Chlub an 26 Feabhra.

Foinse: ***@gmail.com.
mg

=====
On 09/02/2011 15:55, Club an Chonradh:

Marion a chara

Fáilte go dtí céad eagrán nuachtlitir an chlub don bhliain úr ina bhfuil
cur síos ar roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl sa Chlub an mhí seo...

Ná déan dearmad ar na rudaí a bhíonn ar siúl sa Chlub ar bhonn rialta
ach oiread. Rudaí cosúil leis an gciorcal comhrá gach Luain ag 9i.n. le
Craobh Aimhirgin; seisiún ceoil thraidisiúnta d'fhoghlaimeoirí gach
Céadaoin, agus an ciorcal comhrá i nGàidhlig na h-Alba gach mí - an
chéad cheann eile a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, 9ú Feabhra. Tá grúpa nua
damhsa Salsa 'Club Che' á chur ar bun againn chomh maith, tosóidh na
ranganna Salsa ar an mbunleibhéal, beidh siad ar siúl gach Máirt agus ní
gá taithí rince a bheith agat! 8.30i.n. - 10.00i.n. Viva le Vida!
 
Tá
súil agam casadh leat sa Chlub go luath,
Cóilín Ó
Cearbhaill,
Cathaoirleach Chlub Chonradh na Gaeilge,
Thar ceann an
Choiste, 2011.

IMEACHTAÍ

Gach Máirt sa Chlub
Bíonn ceol beo gach márt sa Chlub. Saor cead isteach ag ball (€3 daoine
eile) agus piontaí ar €3 go dtí 10.45 in!

Tráth na gCeist
Déardaoin, 10 Feabhra
Beidh oíche thráth na gCeist sa Chlub Déardaoin, 10 Feabhra ar son
Fhoireann CLG na nGael Óg. Is iad na Gaeil Óga an fhoireann nua CLG atá
ag feidhmiú trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá cuid mhaith de na
daoine atá bainteach le Club Chonradh na Gaeilge, idir bhaill, mhuintir
beáir agus bhaill an choiste ag imirt dóibh faoi láthair faoi stiúir
bhainisteoir an fhoireann Ciarán Ó Finneadhna. Léirigh do thacaíocht
dóibh agus tar chuig an imeacht spraíúil seo. €10 d'fhoireann do
cheathrar. Ní gá foireann a eagrú roimh ré, ní gá ach teacht agus
cuirfear foireann le chéile ar an oíche. Tar amach ar son na haon
fhoirne CLG amháin atá ag feidhmiú as Gaeilge taobh amuigh den
Ghaeltacht oifigiúil!

Rugbaí Beo: Éire v An Fhrainc
Dé Domhnaigh, 13 Feabhra
Beo ar an scáileán mór. Pionta saor in aisce le haghaidh gach úd a
fhaigheann Éire! Allez les verts!

Seoladh Leabhair: Bleachtaire na Seirce
Déardaoin 17 Feabhra
Sheolfaidh Liam Carson 'Blachtaire na Seirce' cnuasach nua filíchta le
Dairine Ní Chinéide. Imeacht de chuid Coiscéim.

Cabaret sa Chlub
Dé hAoine 18 Feabhra
Ceol le Grúpa Tí Sonas, amhráin ó Olivia McTiernan (Liadan), comedy ó
Cian Taffe agus aíonna speisialta eile. €5 / €3

Oíche le Rónán Ó Snodaigh
Dé Céadaoin 23 Feabhra
Buail isteach le haghaidh oíche speisialta in éineacht le príomhamhránaí
Kíla, Rónán Ó Snodaigh, a bheidh ag cur cuid dá chnuasach leathan i
láthair dúinn.

Toghchán 2011
Dé Satharn 26 Fearbhra
Bí linn ó am lóin Dé Sathairn agus torthaí toghchán 2011 ag teacht
isteach. Nuacht agus anailís ar an scáileán mór. Anailís eile ar fáil
cois beáir!
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)

27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an

Bhóthair, An Charraig Dhubh,

Co. Átha Cliath, Éire/Ireland

* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Marion Gunn
2011-02-09 16:11:43 UTC
Permalink
Seo thíos sliocht as nuachtlitir Chlub Chonradh na Gaeilge.

Beidh ard-oíche ann an 26ú Feabhra.

2011-02-17 11:54:07 UTC
Permalink
MED.

Foinse: ***@gmail.com.
mg

=====

San eagran seo
IMEACHTAÍ
20 Ceist: Fiachra Ó Brolacáin
Buntáistí le Ballríocht!
Nascanna
Foirm ballríochta Teagmhail linn
Rónán Ó Snodaigh

Marion a chara

Fáilte go dtí céad eagrán nuachtlitir an chlub don bhliain úr ina bhfuil
cur síos ar roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl sa Chlub an mhí
seo. Feicfidh tú go bhfuil rogha leathan imeachtaí ós do chomhar. Tá an
coiste nua ag súil go mbeidh clár cuimsitheach imeachtaí curtha ar fáil
gach mí agus go ndéanfar forbairt ar an gClub le linn na seachtainí
amach romhainn. Ná déan dearmad go bhfuil an Club ar fáil le haghaidh
cóisirí nó ceiliúradh aon lá, aon tráth - níl le déanamh ach teagmháil a
dhéanamh linn chun é a shocrú. Dar ndóigh, má tá aon mholadh ar bith
agat i gcomhar an Chlub - abair linn é!

Tá mír nua againn sa nuachtlitir seo, 20 ceist. Is deis é chun aithne
thapa a chur ar phearsa éigean sa Chlub agus is é Fiachra Ó Brolacáin,
fear beáir, a chuirfear faoi chaibidil an babhta seo. Cuirim Gradam
Sheachtain na Gaeilge i gcuimhne daoibh chomh maith agus má tá sé ar
intinn agat aon duine a mholadh lena aghaidh, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Tuigimid ar fad go bhfuil gach duine ag gearradh siar na laethanta
seo agus ag cur níos mó béime ar luach a chuid airgid. Táimid ag
iarraidh freastal ar an ngá seo; mar shampla, bíonn €3 ar phiontaí gach
Máirt roimh 10.45in, beidh pionta saor in aisce ar fáil do gach úd a
fhaigheann Éire in aghaidh na Fraince Dé Domhnaigh beag seo (beo ar an
scáileán mór) agus beidh lascaine de 10% ar phraghas deochanna ar fáil
do bhall an Chlub gach oíche ó dheireadh mhí an Mhárta ar aghaidh. Is
fiú go mór é a bheith i do bhall i mbliana.

Mura bhfuil ballraíocht bainte amach agat do 2011 cheana, iarraim ort é
a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Tá na buntáistí ar fad a
bhaineann le ballraíocht luaite thíos agus tá foirmeacha iarratais ar
bhallraíocht le fáil ag an mbeár nó ar shuíomh Idirlín an Chlub,
www.anclub.ie.

Ná déan dearmad ar na rudaí a bhíonn ar siúl sa Chlub ar bhonn rialta
ach oiread. Rudaí cosúil leis an gciorcal comhrá gach Luain ag 9i.n. le
Craobh Aimhirgin; seisiún ceoil thraidisiúnta d'fhoghlaimeoirí gach
Céadaoin, agus an ciorcal comhrá i nGàidhlig na h-Alba gach mí - an
chéad cheann eile a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, 9ú Feabhra. Tá grúpa nua
damhsa Salsa 'Club Che' á chur ar bun againn chomh maith, tosóidh na
ranganna Salsa ar an mbunleibhéal, beidh siad ar siúl gach Máirt agus ní
gá taithí rince a bheith agat! 8.30i.n. - 10.00i.n. Viva le Vida!
 
Tá
súil agam casadh leat sa Chlub go luath,
Cóilín Ó
Cearbhaill,
Cathaoirleach Chlub Chonradh na Gaeilge,
Thar ceann an
Choiste, 2011.

IMEACHTAÍ

Gach Máirt sa Chlub
Bíonn ceol beo gach márt sa Chlub. Saor cead isteach ag ball (€3 daoine
eile) agus piontaí ar €3 go dtí 10.45 in!

Tráth na gCeist
Déardaoin, 10 Feabhra
Beidh oíche thráth na gCeist sa Chlub Déardaoin, 10 Feabhra ar son
Fhoireann CLG na nGael Óg. Is iad na Gaeil Óga an fhoireann nua CLG atá
ag feidhmiú trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá cuid mhaith de na
daoine atá bainteach le Club Chonradh na Gaeilge, idir bhaill, mhuintir
beáir agus bhaill an choiste ag imirt dóibh faoi láthair faoi stiúir
bhainisteoir an fhoireann Ciarán Ó Finneadhna. Léirigh do thacaíocht
dóibh agus tar chuig an imeacht spraíúil seo. €10 d'fhoireann do
cheathrar. Ní gá foireann a eagrú roimh ré, ní gá ach teacht agus
cuirfear foireann le chéile ar an oíche. Tar amach ar son na haon
fhoirne CLG amháin atá ag feidhmiú as Gaeilge taobh amuigh den
Ghaeltacht oifigiúil!

Rugbaí Beo: Éire v An Fhrainc
Dé Domhnaigh, 13 Feabhra
Beo ar an scáileán mór. Pionta saor in aisce le haghaidh gach úd a
fhaigheann Éire! Allez les verts!

Seoladh Leabhair: Bleachtaire na Seirce
Déardaoin 17 Feabhra
Sheolfaidh Liam Carson 'Blachtaire na Seirce' cnuasach nua filíchta le
Dairine Ní Chinéide. Imeacht de chuid Coiscéim.

Cabaret sa Chlub
Dé hAoine 18 Feabhra
Ceol le Grúpa Tí Sonas, amhráin ó Olivia McTiernan (Liadan), comedy ó
Cian Taffe agus aíonna speisialta eile. €5 / €3

Oíche le Rónán Ó Snodaigh
Dé Céadaoin 23 Feabhra
Buail isteach le haghaidh oíche speisialta in éineacht le príomhamhránaí
Kíla, Rónán Ó Snodaigh, a bheidh ag cur cuid dá chnuasach leathan i
láthair dúinn.

Toghchán 2011
Dé Satharn 26 Fearbhra
Bí linn ó am lóin Dé Sathairn agus torthaí toghchán 2011 ag teacht
isteach. Nuacht agus anailís ar an scáileán mór. Anailís eile ar fáil
cois beáir!

20 Ceist ar: Fiachra Ó Brolacáin, fear beáir
Cén aois thú?
Bhí mé ag ceiliúradh mo 20ú breithlá inné!

Cárbh as duit?
Áth Cliath - An Charraig Dhubh

Cén scoil? Cén coláiste?
D'fhreastal mé ar Scoil Neasáin, Coláiste Eoin
agus anois tá mé ag déanamh staidéar ar bhainistíocht spóirt in UCD

Cén áit a bhfuair tú do chuid Gaeilge?
Labhraíonn mo thuistí Gaeilge
liom sa bhaile agus chuaigh mé chuig gaelscoileanna

Deoch is fearr leat?
Guinness

Bia is fearr leat?
ooh tá sin deacair a rá, pasta is dócha

Cláir teilifíse is fearr leat?
The Wire, Blackbook, The Mighty Boosh
agus Father Ted dar ndóigh

Bannaí ceoil is fearr leat?
Republic of Loose, Muse, Thin Lizzy, Kíla
agus Na Pogues

Oíche is fearr leat sa Chlub?
Oíche na Mac Léinn

Cén spórt is fearr leat?
Peil Gaelach le himirt ach Sacar le breathnú air.

An nglacann tú páirt in eagraíochtí / imeachtaí Gaeilge eile?
Tá mé ag
imirt leis na Gaeil Óga agus is ball de Chumann Gaelach UCD mé

Scannáin is fearr leat?
Pulp fiction, Superbad, Football Factory, Shaun
of the dead agus sean stuff Adam Sandler

Cén post atá agat?
Mac Léinn agus fear beáir!

Saoire is fearr a bhí agat?
Chuaigh mé ar thuras idir-iarnróidaíochta
(inter railing) ar feadh 3 seachtaine tar éis dom an Ardteistiméireacht
a dhéanamh. I rith an turais, bhíomar ag codladh ar thrá ar oileán
iargúlta sa Chróit ar feadh dhá oíche! Má tá scéalta eile uait beidh ort
iarraidh ar Sheán Ó hAodha a bhíonn ag seinm sa Chlub go minic.

Dá mba rud é go raibh tú sáinnithe ar oileán leat féin, cé na trí rud a
thabharfá leat?
Liathróid peile, slat iascaireachta agus cóip den "Never
Ending Story"

Céard a bheidh ar súil agat i gceann 10 mbliana?
Ag filleadh ar Éire tar
éis seal a chaitheamh ag taisteal is dócha

Fíric spéisiúil fút?
Tá cáilíocht "Rescue Scuba Diver" agam

Cad a déarfá?: Conas atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú? Cad é mar atá
tú?
Conas atá tú?

Focal Gaeilge is fearr leat?
Spéirbhean
Buntaistí le Ballríocht!

* Beidh lascaine de 10% ar phraghas deochanna ar fáil do bhaill an Chlub
ó dheireadh mí Márta ar aghaidh. Seolfar cárta leictreonach nua
ballraíochta chuig gach ball go luath agus déanfar é a svaidhpeáil gach
uair a ndéanfaidh tú deoch a ordú chun an lascaine a bhaint amach.

* Beidh lascainí ar fáil ó chomhlachtaí eile chomh maith, mar shampla,
gheobhaidh baill an Chlub lascaine de 10% ar aon earra ceannaithe sa
Siopa Leabhar agus ar ranganna Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge
freisin. Beimid ag obair ar bhonn leanúnach d'fhonn deiseanna eile a
thapú agus lascainí eile a chur ar fáil do bhaill an Chlub.

* Beidh ceithre 'Oíche na mBall' ar siúl le linn na bliana. Oícheanta
lán le ceol is spraoi a bheidh ann, ag a mbeidh deochanna ar fáil ar
phraghsanna an-saor. Beidh an chéad cheann ar siúl Dé Sathairn, 26
Márta. Ag an dara ceann, a bheidh ar siúl ag deireadh mhí na Bealtaine,
beidh deis ag baill a gcuid tuairimí, ceisteanna, srl. a chur faoi
bhráid an Choiste ag 'Fóram na mBall' roimh ré.

* Beidh cead isteach saor in aisce do bhaill gach Máirt (gnáthchostas
€3), oíche a bhíonn ceol beo ar siúl, agus piontaí ar €3 ar fáil roimh
10.45i.n.

* Beidh 'Crannchur na mBall' ar siúl gach mí (ó mhí Aibreáin 2011 ar
aghaidh) do bhaill an chlub amháin, ina mbronnfar duais faoi leith ar
bhall a dtarraingeofar a ainm nó a hainm as hata gach mí.

* Bíonn tae agus caife ar fáil saor in aisce do bhaill i gcónaí.
Loading...