Discussion:
[GAELIC-L] FW: Preasráiteas SCANNALACH DEIREADH A CHUR LE DEONTAS GAELTACHTA NA nÁBHAR OIDÍ...
(too old to reply)
Marion Gunn
2012-02-06 18:29:15 UTC
Permalink
GRMA, a Phádraig, as sinn a chur ar an eolas ina leith sin.

Á scaipeadh seo ar <GAEILGE-***@LISTSERV.HEANET.IE> 7
<GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE>.

Foinse: ***@eircom.net.
mg
PREASRÁITEAS
Dáta: 06 Feabhra 2012
Lánchosc: Le foilsiú láithreach
CnaG_rphost logoguth-1_RP
SCANNALACH DEIREADH A CHUR LE DEONTAS GAELTACHTA NA nÁBHAR OIDÍ, DAR LE
CONRADH NA GAEILGE& GUTH NA GAELTACHTA
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i
gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le
deontais d'ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa
Ghaeltacht.
Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a
fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais
chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún
eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na
deontais seo chun airgead a shábháil.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Agus fadhbanna
tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna
timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun
tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun na fadhbanna
seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár
sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis
an am teagaisc agus freastail d'ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí
Gaeltachta."
Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d'eisigh An Chomhairle
Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: "Ba chóir do chláir
tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur
ar
fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach
ag
na soláthraithe oideachas múinteoirí." Cuireadh coiste ar bun leis na
moltaí
seo a fhorbairt.
Arsa de Spáinn: "Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun
feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus
tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna
na
deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta."
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó
ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus
bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa
Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na
heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic
léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena
gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: "Más sábháil
airgid
atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na
cúrsaí
Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach,
cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a
chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a
dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a
sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé
d'acmhainn
ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.
"Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na
Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe
eile na gColáistí Gaeilge de."
Lean Mac Niallais: "Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag
dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun
cinn
na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an
Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an
comhlacht
reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am
céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint
den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le
treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí,
ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair."
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401
Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468
CnaG_greasan
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus
200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in
1893,
tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de
shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a
chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i
bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú.
Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge
de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo,
Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses
logoguth-1_RP
Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag
reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur
ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip
Nua
don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil,
traspháirtí
é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
www.guthnag.ie
APG_Logo_Saor_Beag
Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú
chun
leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí
fhorbairt
agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas
Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar,
Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá
ag
plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a
tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí
níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint
amach.
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Ron Crow
2012-02-09 21:26:23 UTC
Permalink
Céard é sin, an focal? Mar 'diaidh' inniu?

Mar shampla: ina dhiaidh:

 "Donnchada agus Maoileachluinn cléireach .i. Airchideachon Locha hÉirne agus Conchubhur ruadh, Brian agus Cuchonacht cléirech .i. dibaidh (ina dhiaidh) an dá chléireach sin."  


GRMMAgaibh

An Préachán
f***@AOL.COM
2012-02-13 21:01:07 UTC
Permalink
Ron, a chara,

An bhfuil teacht ar an teacs seo ar an idirlíon?

A' bhféideach gur sean-litriú/mí-litriú don fhocal
"díbríodh" é "dib(r)iadh" ??? i.e. "banished."

Níl anseo ach tuairim.


Proinsias

----- Reply message -----
From: "Ron Crow" <***@YAHOO.COM>
To: <GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE>
Subject: [GAELIC-L] An focal &apos;dibaidh&apos;
Date: Thu, Feb 9, 2012 3:24 pm
Céard é sin, an focal? Mar 'diaidh' inniu?
Mar shampla: ina dhiaidh:
"Donnchada agus Maoileachluinn cléireach .i. Airchideachon Locha hÉirne agus Conchubhur ruadh, Brian agus Cuchonacht cléirech .i. dibaidh (ina dhiaidh) an dá chléireach sin."
GRMMAgaibh

Loading...