Marion Gunn
2014-08-01 11:37:11 UTC
MED.
Foinse: <***@gaelport.com>.
mg
Scríobh 15/07/2014 07:53, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge wrote:
PREASEISIÚNT/PRESS RELEASE
English Version below
Dáta eisithe/Release date: 15.07.2014
*Deireadh Ré: Scor Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge*
I mí Eanáir na bliana seo d’fhógair Foras na Gaeilge torthaí an phróisis
chuíchóirithe d’earnáil dheonach na Gaeilge inar ainmníodh sé
cheanneagraíocht a mhaoineofar amach anseo faoin struchtúr nua a tháinig
i bhfeidhm ar 01 Iúil 2014.
Bunaithe ar na critéir a bhí leagtha amach ag Foras na Gaeilge mar chuid
den phróiseas iarratais níor roghnaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
mar cheanneagraíocht agus dá bharr tháinig deireadh le maoiniú na
Comhdhála ar 30 Meitheamh 2014, agus cuireadh deireadh le fostaíocht an
tseisir fhoirne ar an dáta sin.
Ag cruinniú aréir, 14 Iúil 2014, ghlac Bord Chomhdháil Náisiúnta na
Gaeilge cinneadh an eagraíocht a scor de réir Mhír V de Bhunreacht na
Comhdhála. Cuireadh ar an taifead le linn an chruinnithe gur mheas an
Bord nach raibh de rogha acu ach an cinneadh seo a ghlacadh i bhfianaise
chinneadh an Fhorais chun deireadh a chur le maoiniú na heagraíochta,
agus gur le croí trom a bhí an cinneadh á ghlacadh chun Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1943, a scor le feidhm
láithreach. Tugadh ardmholadh ag an gcruinniú do ghairmiúlacht
fhoireann na Comhdhála, agus don obair mhór mhaith a cuireadh i gcrích
ar son na teanga le breis agus 70 bliain.
Ag labhairt di ag an gcruinniú urghnách de Bhord na Comhdhála, ghabh
Deirbhile Nic Craith, Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge buíochas
le balleagraíochtaí na Comhdhála as a gcuid tacaíochta don eagraíocht ó
bunaíodh é agus go háirithe le linn an phróisis chuíchóirithe. Dúirt Nic
Craith go raibh an-obair déanta ag an gComhdháil mar eagras lárnach i
ngluaiseacht na Gaeilge. Ghabh sí buíochas leis an bhfoireann as a gcuid
dúthrachta agus dílseachta agus ghuigh gach rath orthu sa todhchaí amach
rompu.
****CRÍOCH****
*End of an Era: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Dissolved*
In January of this year Foras na Gaeilge announced the results of a
rationalisation process within the Irish language voluntary sector in
which six lead-organisations were selected under a new funding model
which came into effect on 01 July 2014.
Based on the criteria set by Foras na Gaeilge during the application
process Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge was not selected as a
lead-organisation and as a result funding to An Chomhdháil ceased on 30
June 2014 at which point all six employees were made redundant.
At a meeting held last night, 14 July 2014, the Board of Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge took the decision to dissolve An Chomhdháil in
accordance with Section V of its constitution. It was put on record at
the meeting that the Board felt due to the decision by Foras na Gaeilge
to cease funding of the organisation, that there was no other option but
to dissolve, with immediate effect, the organisation which was founded
in 1943. The meeting praised the staff of Comhdháil Náisiúnta na
Gaeilge, and praised the advocacy undertaken by An Chomhdháil on behalf
of Irish language speakers for more than 70 years.
Speaking at the final meeting of the Board, President of Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge, Deirbhile Nic Craith, extended her gratitude to
the member organisations of An Chomhdháil for their support since 1943,
especially during the recent rationalisation process. Nic Craith
praised the work of An Chomhdháil as the central steering council of the
Irish language movement and thanked the staff for their diligence and
their loyalty, and wished them well in their future endeavours.
*****(ENDS)*****
*Tuilleadh Eolais / Further information:*
Kevin De Barra, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
085 1250 959 ***@comhdhail.ie
<http://aroconnect.com/tracking/Link.aspx?MessageID=43759970&LinkID=411754>
www.facebook.com/gaelportcom
<http://aroconnect.com/tracking/Link.aspx?MessageID=43759970&LinkID=411755>
@gaelport ar Twitter

--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *