Discussion:
[GAELIC-L] 26 bliain ar an saol inniu (Bealtaine 2015)
(too old to reply)
Marion Gunn
2015-05-01 14:35:22 UTC
Permalink
Tá GAELIC-L - an gréasán bunaidh as ar shíolraigh líon maith líonta eile
ar an idirlíon (SEANCHAS-L, GAEILGE-A, OLD-IRISH-L agus GAIDHLIG-B ina
measc) 26 bliain ar an saol anois. Gura fada buan an comhluadar.

Do bhíos amuigh faoin spéir roimh éirí na gréine inniu. Faoi bhláth
cumhra na n-úll. Rith smaoineamh liom. Deirtear nach bhfuil rud is fearr
ar domhan ná cónaí i measc do mhuintire, san áit inar saolaíodh thu. Do
dhá láimh sáite san ithir ársa as ar fáisceadh thu. É sin, nó filleadh
ar fhód do dhúchais agus de neart lámh agus briathar fós ionat cur lena
forbairt.

É sin ráite, tá cuid mhór den ghairdín cúil agamsa imithe ó smacht agus
beirt againn ag iarraidh smacht a chur air le roinnt seachtainí anuas -
hollyhocks, aquilegia, crobh dearg, love-in-a-mist, srl., ag fás go
rábach ar nós fiailí. Cuid mhaith de na plandaí sin a shíolraigh "as
áit" neamhchuí aistrithe isteach i bpotaí againn agus na potaí sin
scuabtha leo ag cairde agus ag comharsana, ó cheann ceann na cathrach
agus an chondae agus chomh fada ó láthair le Contae an Chabháin.

Grian aoibhinn na Bealtaine do mo mhealladh amach arís - ó luibheanchlár
go luibheanna - maith an mhalairt. :-)

Beannachtaí na Bealtaine ar chách.
mg
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
****@egt.ie ****@egt.ie *
Séamus Ó Flaithbheartaigh
2015-05-13 13:02:46 UTC
Permalink
A Mharion agus cách
Dhá cheist, má tá freagra ag aon duine.An mbíonn aon ghrúpa ceoil nó cainte Gaeilge is comhluadair ar bun go rialta i dToronto. Beidh mé ann ón 16-20, agus ba dheas cupla uair a chaitheamh i gcomhluadar cheart Gaelach más ann dá leithéid, go háirithe más i lár cathrach dó.
An dara cheist, seancheist agam - ar éirigh le h-aon duine dialann póca, aonteangach Ghaeilge a aimsiú? Bíonn siad an-deacair teacht orthu, deir an Siopa Leabhar (BÁC, Sr. Fhearchair) liom. Bíonn cinn A5 ag Lidl ag tús na bliana - bhí siad ann arís i mbliana - ach dom féin tá ceann póca, timpeall 2 1/2 "x 6" nó níos lú uaim. An fiú don gConradh, an Foras Gnó, nó d'eagras eile tabhairt faoi? Bhíodh CnaG ag foilsiú rudaí áirithe sa seansaol, nó an mbeadh suim ag ceann des na foilsitheoirí tabhairt faoi? An bhfuil ceangal ag aoinne le CIC, Coiscéim, nó fiú O'Brien's na ndialann? Rud eile de, b'iontach an deis margaíochta é d'fhoilsitheoir a chuid foilseachán a chur i láthair, agus d'fhéadfaí dátaí na nOireachtas, na bhféilte bád, féilte cheoil, srl, srl a chur ann, maraon le giotaí as leabhair atá i gcló ag an bhfoilsitheoir.
Cad é bhur meas? Marion, an bhféadfá é seo a chur ag an liosta.Dála an scéil, is deas a chloisteáil uait arís - bhí eagla orm fiosrú faoin liosta, tá eolas agam ar an oiread sin daoine i ndroch-shláinte!
Le meas 
 Séamus Ó Flaithbheartaigh
r-phost: ***@yahoo.com

On Friday, 1 May 2015, 15:34:56, Marion Gunn <***@EGT.IE> wrote:

Loading...