Discussion:
[GAELIC-L] Fw: FÓGRAÍONN IMRAM OÍCHE ... I gCLUB AN CHONARTHA, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2.
(too old to reply)
Marion Gunn
2012-05-02 11:37:50 UTC
Permalink
Ádh mór oraibh, a Liam. Óiche bhreá eile i gClub an Chonradh — croí na
cathrach i gcroílár na cathrach!

Tá an fógra seo á scaipeadh agam anois, ar na r-ghrúpaí seo a leanas:
<GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE>
<GAEILGE-***@LISTSERV.HEANET.IE>
<FORAS-***@LISTSERV.HEANET.IE>

Foinse: <***@mac.com> via Coiscéim.
mg
FÓGRAÍONN IMRAM OÍCHE NUA DÁ CHUID OÍCHEANTA SPEISIALTA CEOIL IS
FILÍOCHTA I gCLUB AN CHONARTHA, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2.
Cúis áthais agus cúis mhórtais d'IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge, an
dara sraith d'oícheanta speisialta sa Chlub a fhógairt, ardán le
haghaidh scoth an cheoil agus na filíochta i dteannta scríbhneoirí,
ceoltóirí agus amhránaithe tréitheacha, ina measc Colm Mac Con
Iomaire, fidléir le The Frames, ginias an ghiotáir Steve Cooney, filí
mór le rá Biddy Jenkinson agus Stiofán Ó Cadhla agus Séamas Barra Ó
Súilleabháin, mac léinn agus buaiteoir an All-Ireland Poetry Slam
2011. Ní slamáil go dtí an Súilleabhánach!
Gearóid Mac Lochlainn & Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson
is Máire Ní Choilm
Criss-Cross. Mo Chara (CIC) an teideal atá ar an leabhar is déanaí
ó Ghearóid Mac Lochlainn ina mbíonn frithlaochra agus ilchruthaigh
éagsúla ag léim isteach is amach as scannáin spaigití agus filíocht na
mbard, gormacha Abhantrach na Mississippi nó sean-nós á reic acu agus
ina theannta anocht beidh Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhamhránaí
leis an mbanna reggae Gaeilge Bréag. Tá cur síos déanta ag Ciaran
Carson ar Bhiddy Jenkinson mar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre i
gceachtar den dá theanga agus is é Oíche Bhealtaine an leabhar is
déanaí uaithi. Tá amhránaíocht ghleoite Mháire Ní Choilm, molta ag
saineolaithe ar nós Lillis Uí Laoire, stíl amhránaíochta atá ag cur
thar maoil le spraoi, pléisiúr agus dúil sa chuideachta. Nuair a Théid
Sé Fan Chroí an chéad albam uaithi agus - 'cha scaoilfear as é go
brách'.
Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin
agus Tony Mac Mahon & Steve Cooney
Is geall le bandraoi í Dairena Ní Chinnéide agus tá an saothar aici
fréamhaithe go daingean i dteanga, i mbéaloideas agus i dtraidisiúin
Chorca Dhuibhe ach tá rithimí comhaimseartha ag cuisliú inti chomh
maith. I measc a cuid leabhar tá Máthair an Fhiaigh/The Raven's
Mother agus Bleachtaire na Seirce. Údar an leabhair An Creidmheach
Déanach é Stiofán Ó Cadhla a bhuaigh Gradam Mhichíl Uí Airtnéide i
mbliana dó agus tá an seansaol agus an saol nua le blaiseadh i
ndéantús fileata an bhéaloideasóra seo ó na Déise. Guth nua leictreach
i saol na héigse é Séamas Barra Ó Súilleabháin agus ní slamáil go dtí
an Súilleabhánach. Draoi mór an chairdín é Tony Mac Mahon (a bhfuil a
chumas mar scríbhneoir léirithe go hálainn aige san eagrán reatha den
iris Irish Pages) agus beidh a sheanchomrádaí ceoil ina theannta
anocht, Steve Cooney, an ginias giotáir nach gá a chur in aithne
d'éinne a bhfuil cluas air.
Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus
Doireann Ní Ghríofa.
Fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa iomráiteach The Frames é Colm Mac
Con Iomaire. Tá ceol meallacach le cloisteáil ar an gcéad albam aonair
uaidh, Cúinne an Ghiorria/ The Hare's Corner, ceol a mheabhródh teach
leanna in Éirinn duit nó bluegrass i gceantair iargúlta Mheiriceá,
ceol atá molta ag Colm Ó Snodaigh agus scata eile. Chaith Mícheál Ó
hUanacháin tréimhse ina eagarthóir ar an míosachán Comhar.Tá fáil ar a
chuid filíochta i dteangacha éagsúla, Gaeilge na hAlban, Dúitsis,
Spáinnis, Seirbis agus Rómáinis. I measc na leabhar is déanaí uaidh
tá Damhsa Rúnda agus dánta .com. Tháinig a chéad leabhar ar na
mallaibh ó Antaine Ó Donnaile, Urú Gealaí Goirme( agus tréaslaímid
leis é) ina ríomhtar an choimhlint pholaitiúil, saol an teaghlaigh
agus an stair shóisialta. Guth úr i litríocht na Gaeilge í Doireann Ní
Ghríofa agus is aoibhinn éadrom an nóta a bhuailtear sa chéad
chnuasach uaithi, Résheoid. Tréaslaímid léi é.
BÍ LINN GAN TEIP AR AN AISTEAR AOIBHINN SEO IS IMRAM ANN.
CEANNAIGH LEABHAR NÓ/AGUS DLÚTHDHIOSCA DUIT FÉIN.
SCAOIL AMACH AN BOBAILÍN!
LIAM CARSON
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Marion Gunn
2012-05-02 11:40:33 UTC
Permalink
Recte: i gClub an Chonartha nó i gClub Chonradh na Gaeilge — á cheartú
san anois, dh'eagla drochshampla a thabhairt do na foghlaimeoirí ar líne!
:-)
mg
Post by Marion Gunn
Ádh mór oraibh, a Liam. Óiche bhreá eile i gClub an Chonradh — croí na
cathrach i gcroílár na cathrach!
mg
FÓGRAÍONN IMRAM OÍCHE NUA DÁ CHUID OÍCHEANTA SPEISIALTA CEOIL IS
FILÍOCHTA I gCLUB AN CHONARTHA, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2.
Cúis áthais agus cúis mhórtais d'IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge, an
dara sraith d'oícheanta speisialta sa Chlub a fhógairt, ardán le
haghaidh scoth an cheoil agus na filíochta i dteannta scríbhneoirí,
ceoltóirí agus amhránaithe tréitheacha, ina measc Colm Mac Con
Iomaire, fidléir le The Frames, ginias an ghiotáir Steve Cooney, filí
mór le rá Biddy Jenkinson agus Stiofán Ó Cadhla agus Séamas Barra Ó
Súilleabháin, mac léinn agus buaiteoir an All-Ireland Poetry Slam
2011. Ní slamáil go dtí an Súilleabhánach!
Gearóid Mac Lochlainn & Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson
is Máire Ní Choilm
Criss-Cross. Mo Chara (CIC) an teideal atá ar an leabhar is déanaí ó
Ghearóid Mac Lochlainn ina mbíonn frithlaochra agus ilchruthaigh
éagsúla ag léim isteach is amach as scannáin spaigití agus filíocht
na mbard, gormacha Abhantrach na Mississippi nó sean-nós á reic acu
agus ina theannta anocht beidh Caoimhín Mac Giolla Catháin,
príomhamhránaí leis an mbanna reggae Gaeilge Bréag. Tá cur síos
déanta ag Ciaran Carson ar Bhiddy Jenkinson mar dhuine de
mhórscríbhneoirí na tíre i gceachtar den dá theanga agus is é Oíche
Bhealtaine an leabhar is déanaí uaithi. Tá amhránaíocht ghleoite
Mháire Ní Choilm, molta ag saineolaithe ar nós Lillis Uí Laoire, stíl
amhránaíochta atá ag cur thar maoil le spraoi, pléisiúr agus dúil sa
chuideachta. Nuair a Théid Sé Fan Chroí an chéad albam uaithi agus -
'cha scaoilfear as é go brách'.
Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin
agus Tony Mac Mahon & Steve Cooney
Is geall le bandraoi í Dairena Ní Chinnéide agus tá an saothar aici
fréamhaithe go daingean i dteanga, i mbéaloideas agus i dtraidisiúin
Chorca Dhuibhe ach tá rithimí comhaimseartha ag cuisliú inti chomh
maith. I measc a cuid leabhar tá Máthair an Fhiaigh/The Raven's
Mother agus Bleachtaire na Seirce. Údar an leabhair An Creidmheach
Déanach é Stiofán Ó Cadhla a bhuaigh Gradam Mhichíl Uí Airtnéide i
mbliana dó agus tá an seansaol agus an saol nua le blaiseadh i
ndéantús fileata an bhéaloideasóra seo ó na Déise. Guth nua
leictreach i saol na héigse é Séamas Barra Ó Súilleabháin agus ní
slamáil go dtí an Súilleabhánach. Draoi mór an chairdín é Tony Mac
Mahon (a bhfuil a chumas mar scríbhneoir léirithe go hálainn aige san
eagrán reatha den iris Irish Pages) agus beidh a sheanchomrádaí ceoil
ina theannta anocht, Steve Cooney, an ginias giotáir nach gá a chur
in aithne d'éinne a bhfuil cluas air.
Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus
Doireann Ní Ghríofa.
Fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa iomráiteach The Frames é Colm
Mac Con Iomaire. Tá ceol meallacach le cloisteáil ar an gcéad albam
aonair uaidh, Cúinne an Ghiorria/ The Hare's Corner, ceol a
mheabhródh teach leanna in Éirinn duit nó bluegrass i gceantair
iargúlta Mheiriceá, ceol atá molta ag Colm Ó Snodaigh agus scata
eile. Chaith Mícheál Ó hUanacháin tréimhse ina eagarthóir ar an
míosachán Comhar.Tá fáil ar a chuid filíochta i dteangacha éagsúla,
Gaeilge na hAlban, Dúitsis, Spáinnis, Seirbis agus Rómáinis. I measc
na leabhar is déanaí uaidh tá Damhsa Rúnda agus dánta .com. Tháinig a
chéad leabhar ar na mallaibh ó Antaine Ó Donnaile, Urú Gealaí Goirme(
agus tréaslaímid leis é) ina ríomhtar an choimhlint pholaitiúil, saol
an teaghlaigh agus an stair shóisialta. Guth úr i litríocht na
Gaeilge í Doireann Ní Ghríofa agus is aoibhinn éadrom an nóta a
bhuailtear sa chéad chnuasach uaithi, Résheoid. Tréaslaímid léi é.

Loading...