Discussion:
[GAELIC-L] [foram] guthanna aduaine
(too old to reply)
Marion Gunn
2010-10-07 11:22:38 UTC
Permalink
GRMA, a Choilm. Tá an t-eolas thíos á roinnt agam ar bhaill
GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE agus GAEILGE-***@LISTSERV.HEANET.IE anois.
mg
A Chairde
bhreac mé "Nuacht na hÉireann" isteach i Google aréir agus cad a
gheobhainn ach "Teanga na hÉireann" le hAcadamh
Ríoga na hÉireann - taifeadtaí a rinne an Dr Wilhelm Doegen, ar
chainteoirí dúchasacha Gaeilge as *Aontroim, Doire, Tír Eoghain, An *
**
*Cabhán, **Ard Mhacha, An Lú, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, An Clár
*agus* Tiobraid Árainn* 80 bliain ó shin. Tá idir téacs
agus taifid fuaime le fáil ann. B'fhéidir go bhfuil siad go léir
cloiste agaibh cheana féin agus iad mar /ring-tones/ agaibh ar bhur
teileafóin phóca
ach mura bhfuil tá siad an-spéisiúil go deo.
Colm
Marion Gunn
2010-10-07 11:44:12 UTC
Permalink
PS.
Léiríonn an teideal thuas an dóigh éagórach inar sháraigh cruthú na
nGaeltachtaí "oifigiúla" (gníomh nach raibh gá leis ar chor ar bith)
cearta cainteoirí dúchais lasmuigh de na ceantair sin, a d'fhág ar an
trá fholamh an dream ba mhó a bhí i ngátar cabhrach chun a dteanga a
thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile ina gceantair féin. Tír eile
ar fad a deineadh d'Éirinn dá thoradh sin --- tír arna cur as a riocht,
mar gheall ar an aon ghníomh teanga-dheighilte amháin sin, gurbh ionann
agus gníomh cine-dheighilte é, a d'fhág ina tír lag ina dhá roinnt inniu
í, seachas an tír láidir dhá-theangach a bhí á tuar ag daoine di 80
bliain ó shin, i slí a spreag duine "guthanna aduaine" a úsáid ag
tagairt do chainteoirí dúchais a sheas an fód go dtí gur baineadh díobh
an tacaíocht a tugadh don dream thiar, seachas caitheamh ar an dóigh
chéanna le cách (de réir ár mbunreachta).
mg
Post by Marion Gunn
GRMA, a Choilm. Tá an t-eolas thíos á roinnt agam ar bhaill
mg
A Chairde
bhreac mé "Nuacht na hÉireann" isteach i Google aréir agus cad a
gheobhainn ach "Teanga na hÉireann" le hAcadamh
Ríoga na hÉireann - taifeadtaí a rinne an Dr Wilhelm Doegen, ar
chainteoirí dúchasacha Gaeilge as *Aontroim, Doire, Tír Eoghain, An *
**
*Cabhán, **Ard Mhacha, An Lú, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, An Clár
*agus* Tiobraid Árainn* 80 bliain ó shin. Tá idir téacs
agus taifid fuaime le fáil ann. B'fhéidir go bhfuil siad go léir
cloiste agaibh cheana féin agus iad mar /ring-tones/ agaibh ar bhur
teileafóin phóca
ach mura bhfuil tá siad an-spéisiúil go deo.
Colm
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)

27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an

Bhóthair, An Charraig Dhubh,

Co. Átha Cliath, Éire/Ireland

* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Loading...