Discussion:
[GAELIC-L] cuairt ar Éirinn
(too old to reply)
Sean Kelley
2010-11-10 22:20:00 UTC
Permalink
Beidh mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn do chomhdháil
(bogearraí) ar Staidiam Aviva. Ba bhreá liom bualadh leat agus mé sa bhaile.
Scríobh chugam, más mian leat. Nuair a bhéas i mBaile Cliath an tseachtain
seo chugainn, cá h-áit a dtiocfadh liom seisiún nó dhó a fháil? tChím go
mbeidh mé ag fanacht in aice le hAviva Stadium ag Herbert Park Hotel.

Sean
--
sean kelley
Marion Gunn
2010-11-11 13:08:25 UTC
Permalink
Is deas an t-Ostán é sin (an Herbert Park). Beidh ceol sa Chlub, is
dócha (cuirfidh Seán Mac Suibhne ar an eolas sinn). Beidh drámaí in
Amharclann Choláiste Phádraig agus i Halla na Saoirse (fch. sonraí
thíos), ach seans nach n-oirfidh na dátaí sin duit. Tullleadh eolais
faoi imeachtaí, srl., le fáil ar www.beo.ie agus ar www.foinse.ie. An i
mBÁC a chaithfidh tú an t-am ar fad, a Sheáin? Ar chuir tu scéala ina
thaobh sin chuig IRTRAD-L? Tá liostaí G-L, G-A agus S-L á gclúdach agam
leis an tcht seo.

Moltaí ag éinne eile - maidir le teacht le chéile chun bualadh le Seán
Kelley ar a theacht anseo?
mg
Post by Sean Kelley
Beidh mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn do
chomhdháil (bogearraí) ar Staidiam Aviva. Ba bhreá liom bualadh
leat agus mé sa bhaile. Scríobh chugam, más mian leat. Nuair a
bhéas i mBaile Cliath an tseachtain seo chugainn, cá h-áit a
dtiocfadh liom seisiún nó dhó a fháil? tChím go mbeidh mé ag
fanacht in aice le hAviva Stadium ag Herbert Park Hotel.
Sean
--
sean kelley
=====
*24 Samhain, Amharclann Choláiste Phádraig,* *Droim Conrach, Baile Átha
Cliath 9, 8pm*
Dhá dhráma nua le hAisteoirí Bulfin
"Na Leabhra" le hAodh Ó Domhnaill (duais Oireachtais 2010)
"Círéib" bunaithe ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (as /An tSraith ar
Lár/ le caoinchead Chló Iar-Chonnachta)
Táillí: €15 (daoine fásta), €10 (ar pinsean/dífhostaithe) *Saorchead
isteach ag mic léinn (le cárta mac léinn)*
**Beidh na ticéid le fáil ag doras na hamharclainne ar an oíche.
*26 Samhain, Féile an Bhéil Bhinn, Amharclann Halla na Saoirse, 8pm*
"Círéib" le hAisteoirí Bulfin
"Ar Lorg na Maidine" le Compántas an Bhéil Bhinn

Ticéid€12.50 (daoine fásta) /€10 (ar pinsean/dífhostaithe) /€7 (mic
léinn/daltaí)

*Áirithintí*: 0818 33 32 31**/nó/ www.tickets.ie <http://www.tickets.ie/>

Tuilleadh eolais faoin bhféíle ag http://www.anbealbinn.com/

Loading...