Marion Gunn
2012-03-02 12:17:36 UTC
GRMA, a Mháire.
Is iontach an clár imeachtaí é sin. Ag siúl amach le leaid ón Northside
agus eile, 'mhuis, gura slán an tsamhailt!
Á scaipeadh seo ar na r-ghrúpaí seo thíos:
<GAEILGE-***@LISTSERV.HEANET.IE>
<GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE>
<FORAS-***@LISTSERV.HEANET.IE>
Foinse: ***@rte.ie <mailto:***@rte.ie> via IBI
<***@forasnagaeilge.ie>.
mg

Preas Eisiúint
*GAEILGE AR NA MEÁIN AR FAD AR RTÉ*
Tá *Seachtain na Gaeilge 2012* buailte linn agus beidh RTÉ gníomhach
mar is gnáth chun a lucht éisteachta agus féachana a spreagadh le
smaoineamh ar an teanga agus pé Gaeilge atá acu a chleachtadh le linn
na seachtaine.
Chuige sin, tá láithreoirí na gclár, láithreoirí leanúnachais agus
láithreoirí na haimsire ar bord chun iarracht ar leith a dhéanamh agus
tá raon ilghnéitheach clár agus seirbhísí beartaithe chun freastal ar
an bpobal ar an raidió, ar an teilifís agus ar na meáin dhigiteacha
agus shóisialta.
Tá RTÉ tiomanta don Ghaeilge agus coinsiasach dá ról lárnach i saol
cultúrtha na tíre. Is mór ag RTÉ an deis agus an dúshlán bealaí nua a
aimsiú chun daoine a chur ag smaoineamh ar an teanga agus an Ghaeilge
a chur chun cinn ar bhealach nuálaíoch nár baineadh triail as cheana.
*Ar an teilifís . . .*
*Bernard Dunne’s Bród Club, RTÉ One, gach Luan 5 Márta – 9 Aibreán
2012, 7.30pm*
Tosóidh sraith nua teilifíse dar teideal ‘Bernard Dunne’s Bród Club’
ar an 5 Márta agus críochnóidh ar an 9 Aibreán 2012. Sraith ilmheánach
thar sé chlár atá i gceist ina bhfeicfear an dornálaí Bernard Dunne,
le buíon comhairleoirí á threorú, ar aistear i mbun feachtas
dúshlánach. Tá Bernard ag iarraidh réabhlóid a thosú le 100,000 duine
breise a chur ag labhairt Gaeilge. Triailfear modhanna éagsúla le
daoine a chur ag caint le cabhair ó réalta iomráiteacha, teaicticí
treallchogaíocha, piarbhrú, éachtaí poiblíochta, pléadálaithe áitiúla,
dúmhál mothálach agus, gan dabht, plámás. Bainfear leas as na meáin
dhigiteacha agus shóisialta lena aistear a léiriú. Le bheith páirteach
féach http://www.rte.ie/brodclub
*Aifreann Lá ‘le Pádraig, RTÉ One, 11.30am*
Craolfar Aifreann dátheangach ó Chnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo á
cheiliúradh ag an Athair Richard Gibbons, SP. Beidh ceol nua-chumtha i
nGaeilge dar teideal ‘Aifreann Mhuire an Chnoic’, a chum an tSiúr
Marie Dunne, CHF mar chuid den Aifreann agus beidh Cantairí Óga Chnoc
Mhuire á stiúradh ag Marie.
*Ar an raidió …*
*RTÉ Raidió na Gaeltachta*
*Aifreann Lá ‘le Pádraig, Raidió na Gaeltachta, Satharn, 17 Márta,
11.02-11.45am***
Craolfar Aifreann Lá ‘le Pádraig beo ó Shéipéal Chúil Aodha á
cheiliúradh ag an Athair Dónal Ó Briain le Peadar Ó Riada agus Cór
Chúil Aodha. **
Craolann *RTÉ Raidió na Gaeltachta* raon leathan de chláir nuachta,
spóirt, oideachais, ceoil, siamsaíochta agus irise i nGaeilge ceithre
huaire fichead sa lá. Ta nasc beo chuig RnaG ar www.rte.ie
<http://www.rte.ie/>
Ar lean ….. /
*RTÉ Radio One*
*‘An Briathar Beo’, Luan-Aoine, 12-16 Márta, 6.40am*
Is é Gary Hastings, propast Eaglais San Nioclás, Gaillimh agus an
t-iar reachtaire i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, láithreoir na
seachtaine.Is ó cheantar oirthear Bhéal Feirste do Gary, sagart
Anglacánach a bhfuil an teanga agus an ceol dúchais ar a thoil aige.
*‘The Book on One’ – Luan-Aoine, 12-16 Márta, 11.15-11.25pm*
An tseachtain seo tá rogha gearrscéalta ó scothscríbhneoirí á
gcraoladh in aghaidh an lae. Rinne RTÉ Radio 1 coimisiúnú orthu don
tsraith /Scéalta san Aer/ agus d'fhoilsigh Coiscéim 26 scéal i
gcnuasach den teideal céanna. Ba é Cathal Póirtéir an t-eagarthóir. Is
iad seo a leanas na gearrscéalta a chraolfar: /Idirlíonrith/ - Gabriel
Rosenstock;/Dhá Litir ó Áth Iseal/ - Liam Mac Cóil; /Lúidín an
Phíobaire/ - Biddy Jenkinson; /Ar an Algarve/ - Séamus Mac Annaidh;
/Taisce-dán/ - Pádraig Ó Siadhail. Léiritheoir: Cathal Póirtéír.
*‘Aifreann i nGaeilge’, Lá ‘le Pádraig, 10.00am*
Aifreann i nGaeilge ó Eaglais Naomh Muire, Cathair na Mart, á
cheiliúradh ag an Athair Charlie McDonald le ceol ó Chór Pharóiste
Naomh Muire.
*‘Comhluadar na Leabhar’, gach Satharn, 8.02pm*
Clár léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge ag Cathal Póirtéir le
léitheoirí agus léirmheastóirí litríocht na linne (athchraoladh ó
Raidió na Gaeltachta).
*‘Drama on One’ – Domhnach, 18 Márta, 8.02pm*
Beidh dhá dhuaisdráma Gaeilge sa tsraith /Sunday Playhouse /á
gcraoladh. ‘Ainglíocht’ le Frainc Ó Murchadha agus 'Níl tú ag siúl
amach le leaid ón Northside!' le Brian Ó Tiomáin. Bhuaigh na drámaí
seo duaiseanna sa chomórtas drámaíochta raidió a mhaoiníonn RTÉ i
gComórtais Liteartha an Oireachtais.
Sna príomhpháirteanna sa dráma 'Northside' tá Clíodhna Ní Chíosáin, a
bhfuil go leor duaiseanna bainte aici féin dá ról in ‘Aifric’ ar TG4.
Is é Ultan Ó Conchúir an leaid a chuireann buairt ar a tuismitheoirí.
Tá sár-fhoireann bailithe le chéile ag an léiritheoir Cathal Póirtéir,
ina measc Donal O'Kelly, Don Wycherly, Joan Sheehy agus Caitríona Ní
Mhurchú. In ‘Ainglíocht’ is é Gabriel Rosenstock an t-aingeal a bhíonn
ag diabhlaíocht nuair a dhéanann sé neamhaird ar ordaithe ón
Réaltathair teacht sa tslí ar fhear atá ag iarraidh bean phósta a
mhealladh. Is é Cathal Póirtéir an léiritheoir.
*‘Sunday Miscellany’, 6/11/18 Márta, 9.10am*
Beidh aistí agus filíocht nuachumtha i nGaeilge agus i mBéarla le
cloisteáil ar *Sunday Miscellany *ar na dátaí an 6, 11 agus 18 Márta.
Chomh maith leis na cláir atá luaite thuas, beidh Myles Dungan ag
caint leis an Ollamh Colbert Kearney faoi Phádraig Ó Duinnín a
d’fhoilsigh an foclóir cáiliúil Gaeilge-Béarla in 1904 ar ‘The History
Show’,Domhnach, 11 Márta, 6.05pm. Beidh míreanna i nGaeilge nó
bainteach leis an teanga ar chuid mhaith de chláir Radio One. Ina
measc ‘The Ronan Collins Show’, ‘Today with Pat Kenny’ (the Friday
Gathering ar an Aoine, 16ú Márta),’Playback’, ‘Arena’, ‘The Business’,
agus go leor cláir eile.
Beidh Hector Ó hEochagáin agus láithreoirí eile ó RTÉ2fm mar aon le
láithreoirí éagsúla ó RTÉlyric gníomhach sa tseachtain chomh maith.
Ar lean ….
*Do Dhaoine Óga ar an Teilifís, RTÉ Two . . .*
Beidh Gaeilge le cloisteáil ar na cláir do dhaoine óga ar RTÉ Two.
Beidh réalta cáiliúla ag bualadh isteach ó am go ham le linn na
seachtaine agus beidh béim ar shiamsaíocht agus ar spraoi le comhrá,
ceolagus cluichí.
*Eleve8(5-9 Márta) *Ar**6 Márta, beidh an dornálaí Bernard Dunne ag
cur síos ar an Bród Club*. *Ar**9 Márta: beidh an pearsa teilifíse
Eoghan Mac Diarmada, Ambasadóir óg Sheachtain na Gaeilge sa stiúideo
agus canfaidh Cór as Baile Formaid amhrán i nGaeilge a thaifead an
banna The Coronas.
*TwoTube (5-9 Márta) *Tabharfar achoimre ar imeachtaí Sheachtain na
Gaeilge agus beifear ag cur síos ar an ardán faisnéise ilmheánach ‘How
to be Irish ‘, féach ‘http://www.rte.ie/tv/howtobeirish/ agus clár a
bheidh á chraoladh ar RTÉ One ar Lá ‘le Pádraig ag 7.30pm. Beidh mír
freisin faoi na háiseanna atá ar fáil trí Ghaeilge ar nós Google.
*Juice (13 Márta) *Beidh Eoghan Mac Diarmada, Ambasadóir óg Sheachtain
na Gaeilge mar aoi speisialta sa stiúideo.
*Hubble (12-16 Márta) *Mar is gnáth, beidh béim ar an dátheangachas
agus ar an spraoi.‘Cóisir Ghaelach’ a bhéas mar théama na seachtaine
agus feictear aíonna agus páistí sa stiúideo ag casadh ceoil agus ag
damhsa. Is í an t-amhránaí sean-nóis Íde Nic Mhathúna, a chanann leis
an ngrúpa The Bonnymen, a bhéas mar aoi.
*RTÉjr: (12-16 Márta) *Arís, beidh béim ar an dátheangachas. Beidh
nasc ar leith ó Sheachtain na Gaeilge ar ghréasán *RTÉjr WEB. *Ar
*RTÉjr, *beidh páistí ag imirt cluiche speisialta ‘Te agus Fuar’ le
linn na seachtaine.
*RTEjr agus TRTÉ AR LÍNE (5-9 Márta) RTÉjr Ar Líne*Beidh Maryam
Hussain ag canadh ar Kidspeaks agus Adrianna Suleman ag trácht ar an
ngrá atá aici don Ghaeilge. Beidh teachtaireacht speisialta ag Reuben
& Bó i nGaeilge. Ar *TRTÉ Ar Líne, *beidh ceacht faoi smideadh á
thabhairt ag Siobhán Feirtéar as Gaeilge. Beidh ceol traidisiúnta ó na
mic léinn Robert Harvey (fliúit), Amie Farrell-Courtney (bodhrán) agus
Éilís Lavell (cláirseach). *Two Tube blog, *dá réir.
*TRTÉ Facebook *Beidh comórtais bunaithe ar fhocail á reáchtáil i
gcomhar le Seachtain na Gaeilge.
*RTEjr Ar Líne (12-16 Márta*) Ar Kidspeakbeidh Caitríona Ní Almhain ag
seinm ar an gcláirseach agus canfaidh Kessie Dunne agus Ellie Herd
‘Peigí Leitir Móir’. Beidh scéalaí Bleá Cliathach sa stiúideo ag caint
faoi Lá ‘le Pádraig.
*TRTÉ Ar Líne, (12-16 Márta)*Beidh an dara ceacht faoi smideadh ón
ealaíontóir smididh Siobhan Feirtéar agus beidh dreas eile ceoil ó na
hoirfidigh Robert Harvey (fliúit), Amie Farrell-Courtney (bodhrán)
agus Éilís Lavelle ar an gcláirseach. *Blog TwoTube *dá réir.
Bí ag faire amach ar an suíomh d’ábhar faoi Fhéile Lá ‘le Pádraig idir
12-16 Márta. Beidh smaointe ag an mblagálaí Lola Dee faoi earraí
lámhdhéanta a bhaineann le téama na féile agus péinteáil éadain leis
an ealaíontóir Ruth Hirsch. Beifear ag seoladh an chluiche a ndearnadh
coimisiúnú speisialta air dar teideal ‘Sheep v Aliens’ ar an Aoine.
Agus ná dearmad go mbeidh cluichí agus comórtas ar théama Fhéile Naomh
Pádraig ar *TRTÉ Facebook *agus *Twitter.*
Tuilleadh eolais: Máire Nic Fhinn, Oifigeach na Gaeilge, Rannóg
Cumarsáide RTÉ, Teil. 01-208 3434
__
__,_._,___

--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *