Discussion:
[GAELIC-L] Fw: Clár na Vótóirí
(too old to reply)
Marion Gunn
2011-08-23 07:23:43 UTC
Permalink
Marion,
Mar eolas. Nach náire an rud é nach féidir aon rud a dhéanamh faoi?
Níl rud faoin spéir, a Fhearguis, nach féidir aon rud a dhéanamh faoi,
ach daoine a gcuireann sé as dóibh cur le chéile lena réiteach.
Measaim go sheolfaidh mé éileamh/aighneacht chuig Donnchadha Mac
an Modh Diúltach.
Smaoineamh maith. B'fhéidir gur mhaith le daoine eile déanamh amhlaidh
(tá baill r-ghrúpaí <FORAS-***@LISTSERV.HEANET.IE>,
<GAELIC-***@LISTSERV.HEANET.IE> agus <GAEILGE-***@LISTSERV.HEANET.IE> á gcur
ar an eolas agam ina leith seo).



Le dea-mhéin,
mg
Feargus
----- Original Message -----
*Sent:* Monday, August 22, 2011 11:09 AM
*Subject:* RE: Clár na Vótóirí
C254/2011
A Fhearguis, a chara,
Go raibh maith agat as an cheist seo a tharraingt anuas linn.
Tá an scéal seo cíortha go mion againn le cúpla bliain anuas, agus
feictear dúinn nach bhfuil aon dualgas reachtúil ann faoi láthair
leagan Gaeilge den suíomh seo a bheith ar fáil.
Le gach dea ghuí
Órla
**Órla de Búrca******
**Bainisteoir Imscrúduithe **
**Investigations Manager**
****
**Oifig an Choimisinéara Teanga **
**An Spidéal **
**Co.na Gaillimhe **
**Fón: 091-504 006 ******
**Glao Áitiúil: 1890 504 006**
**Facs: 091-504 036 **
****
**www.coimisineir.ie** <http://www.coimisineir.ie/>
------------------------------------------------------------------------
Is maith ann don nasc sin, ar a laghad, mar a deirir. Is maith is fiú
na seirbhísí simplí sonraithe simplí eile sin a iarraidh (.i. leagan
Gaeilge den phríomhleathanach, mar aon le nasc chun leathanaigh
Ghaeilge ar shuíomhanna na gcomhairlí ar fad), a Fhearguis (agus is
fiú do thcht thíos a scaipeadh — rud atá á dhéanamh agam anois (via
GAELIC-L agus GAEILGE-A agus FORAS-G).
mg
/Marion,/
//
/Ar fiú an t-eolas seo a scaipeadh?/
//
/Feargus/
A Chara,
Meas tú ar chóir go mbeadh leagan Gaeilge de seo ar fáil chomh maith?
http://www.checktheregister.ie/
Is maith an rud é go bhfuil (ar a laghad) nasc air chuig na
foirmeacha Gaeilge cibé ar bith . . . . ach níl aon nasc chuig na
leathanaigh Gaeilge (más ann dóibh) atá ar shuíomhanna na comhairlí
contae/baile atá liostáilte ar bun agus níl rogha Gaeilge ar fáil ar
na leathanaigh san a nasctar ón suíomh seo.
Measaim gur fiú do Gaeilgeoirí an t-seirbhís seo a lorg.
Gach dea-mhéin,
F. Ó Snodaigh
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Eoin C Bairéad
2011-08-23 08:40:30 UTC
Permalink
Hi

Tá an scéal, mo léan, i bhfad Éireann níos measa. Uimhir a haon, níl
aon nasc idir do sheoladh sa leagan Gaeilge agus sa leagan Béarla. Dá
bharr san, tá dhá áit do mo theach-sa sa chlár oifigiúil a úsáidtear
san halla lá an toghcháin– 87 Kenilworth Park agus 87 Páirc Kenilworth
– agus bhí dhá vóta ag duine againn le déanaí, mar do “chabhraigh”
bean in Oifig an Phoist áitiúil le hiníon “nach raibh ar an gclár”.

Agus tá sé éasca go maith gan a bheith ar an gclár, mar ní amháin nach
bhfuil mo theach ar an gclár idirlíonach, níl fiú mo shráid. Níl ach
“Páirc” (nó fiú Pairc – gan fada) amháin ar an ríomhaire – Páirc Í i
nGlas Naíon.

Nuair a smaoiníonn tú gur íocadh airgead don chlár leibideach seo…

Eoin
Marion,
Mar eolas.  Nach náire an rud é nach féidir aon rud a dhéanamh faoi?
Níl rud faoin spéir, a Fhearguis, nach féidir aon rud a dhéanamh faoi, ach
daoine a gcuireann sé as dóibh cur le chéile lena réiteach.
--
--
Eoin C. Bairéad
Dublin, Ireland
Áth Cliath, Éire
Marion Gunn
2011-08-23 09:12:13 UTC
Permalink
Ceist cé a cheadaigh an caiteachas sin agus cén próiseas roghnaithe
faoinar ceannaíodh é?
mg
Post by Eoin C Bairéad
...
Nuair a smaoiníonn tú gur íocadh airgead don chlár leibideach seo…
Eoin
--
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* ***@egt.ie * ***@egt.ie *
Loading...